Polasaí & Ábhar Bolscaireachta
Tá polasaí nua uile oileánda aontaithe ag an nGrúpa Stiúrtha ar Pholasaí Tumoideachais (GSPT), a bhfuil GAELSCOILEANNA TEO. mar bhall de. Is iad mórspriocanna an pholasaí seo ná:
- Tionchar a imirt ar bheartais ar an tumoideachas sna córais oideachais as seo amach.
- Feasacht agus tuiscint an mhórphobail ar an tumoideachas Gaeilge a ardú agus a fheabhsú.
Tá an polasaí féin le híoslódáil anseo: Polasaí Tumoideachais
Tá bileog dátheangach ar an luath-thumoideachais le híoslódáil anseo: Bileog/Leaflet
Tá polasaí Gaeilge samplach le híoslódáil anseo: ‘Ár bPolasaí Gaeilge’
Tá bileoga agus póstaeir maidir leis an bhfeachtas ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le hoifigí GAELSCOILEANNA TEO. ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie. Is féidir samplaí dóibh a íoslódáil anseo:
Bileog Tumoideachais: buneolas maidir leis an dtumoideachais agus na buntáistí a bhaineann leis an gcóras, dírithe ar thuismitheoirí agus an scoilphobal i gcoitinne.
- Leagan Gaeilge & Béarla
- Leagan Gaeilge & Fraincis
- Leagan Gaeilge & Polainnis
- Leagan Gaeilge & Portaingéilis
- Leagan Gaeilge & Rúisis
- Leagan Gaeilge & Rómáinis
Tá GAELSCOILEANNA TEO. mar bhall de Piccolingo, feachtasóirí ar son foghlaim teangacha iasachta ag aois óg.




